Aon Bheatha Amháin
Téann duine in aois. Ach méadaíonn an bhuairt laistigh freisin. Bíonn go leor brú ar ár mothúcháin, ar ár bhfiosracht agus ar ár n-uaillmhianta. Tugann glórtha láidre inár gcultúr le fios go bhfuil tábhacht le gnéas, airgead agus cumhacht.
Leis an ualach sin go léir romham cé’n chaoi is féidir fiú smaoineamh ar a bheith i mo shagart? In Éirinn an lae inniu! Glaoite ag Dia! Mise!
Éistím leis na CDanna a bhíonn ag seinm i mo cheann.
Na CDanna a insíonn dom go bhféadfadh na slite beatha ar an gclár a bheith ceart go leor ar feadh píosa ach go bhfreagraíonn saol na sagartóireachta ceisteanna domsa nach bhfreagraíonn na cinn eile.
Na CDanna a thugann le fios go ciúin go bhfuil an glaoch chuig an tsagartóireacht agus an dúil atá agam brí a bhaint as an saol ag teacht le chéile.
Mar sin, déanaim iarracht tuilleadh eolais a fháil. Bím ag guí. Téim sa tóir ar chomhairle. Téim ar dheirí seachtaine agus casaim le daoine eile a mbíonn na ceisteanna céanna ag cur isteach orthu. Déanaim iarracht.
Agus bíonn iontas orm faoin méid tacaíochta a fhaighim ó gach duine.