Aon Fhreagra Amháin

An tsoiléireacht a thagann chugam lá éigin a chuidíonn liom buíochas a ghlacadh le Dia gurb í sin an áit a bhfuil mo chroí.

A bheith tiomanta tabhairt faoi ghairm, go daonna agus go spioradálta. Lán le féidearthachtaí agus le deiseanna.

An timthriall saoil ó Dhia go dtí daoine agus ar ais arís. A bheith cothaithe ó na fréamhacha. An Focal agus an tSacraimint.

Turas naofa le daoine ag tréimhsí ríthábhachtacha ina saol. Tréimhsí maithe agus tréimhsí dúshlánacha. Ón mbroinn go dtí an uaigh. An glaoch a bheith daonna agus beo go hiomlán. A bheith i do thréadaí ag Íosa Críost, go hiomlán agus go fírinneach.

Turas naofa le Dia le linn tréimhsí maithe agus tréimhsí crua. A bheith ar an airdeall nuair a thagann glaoch ón Spiorad. Caidreamh le hÍosa Críost. A bheith faoi chúram an Athar. Lán leis an Spiorad Naomh.

Ag iarraidh a bheith Naofa. Seasamh amach. Críost eile.

An lúcháir agus an phribhléid a bheith i do shagart. An dúshlán de bheatha amháin ag freagairt an ghlaoch sin. Mise-an bhfuilimse ag fáil glaoch don fhreagra amháin sin?